Thagadh na tórraimh amach go tír mór ar an 2 a chlog díreach go dtí an reilig. Ní théadh siad go teach an phobail, ní bhíodh aifreann ar bith i dtigh an phobail fá na gcoinne. A cuimhní ar thórramh a máthara agus an chéad chorp as Gabhla a tugadh ar chóiste na marbh (hearse). Ar charr a théadh siad roimhe sin. Ina dhaidh sin tháinig an nós amach go gcaitheadh an corp a dhul go teach an phobail. Bhíodh an sagrt acu i gcónaí ceart go leor sula bhfuair siad bás nó ina dhiaidh ach ní thugtaí an corp go teach an phobail. | 00:02:16 | |